SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 10

Pointí plé

Bhí an t-am ann a mbíodh crónán na dtúirní1 le mothachtáil2 go buan i dtighthe3 na bhfeirmeóirí4 ,5 agus a mbíodh túirní de dhair líomhtha6 mar áilleagáin fiú amháin ag mná uaisle príobhláideacha7 a bhíodh cóirigthe8 i síoda agus i snáth-lása.9  Agus le linn an ama sin bhíodh fir bheaga abhacacha10 le feiceáil fá11 na ceanntair12 a bhí i bhfad ar gcúl i measc na mbóithrín13 , nó fá na h-ísleáin14 istigh i n-ucht15 na gcnoc.  Fir bheaga bháin-ligheacha16 a bhí ionnta17 , agus tráth18 chuirfeá i gcomórtas iad le fir fheitheogacha19 urradhanta20 na tuaithe , ní thiocfadh leat samhailt21 a thabhairt dóibh ach fuigheall22 cinidh23 éighinteacht24 a cuireadh ó oidhridheacht.25  Thoisigheadh26 madadh27 an tréadaidhe28 a thafann29 go confadhach30 nuair a tchíodh31 sé duine de na fir choimhthigheacha32 seo ag teacht ar amharc ar an airdeacht , tráthnóna geimhridh agus an ghrian ag dul a luighe.33 

1. Is é ‘tuirne’ (gan síneadh fada) an leagan caighdeánach. Is féidir an ceann sin a leasú gan cur as don chanúint mórán.

2. Tá ‘clois’ ar eolas gach duine a bhfuil bun-Ghaeilge aige, ach is minic a deir na hUltaigh ‘mothaigh’ sa chiall hear. (Tá a leithéid chéanna ag na Muimhnigh, a deir ‘airigh’.) Róchaighdeánú amach is amach a bheadh ann ‘cloisteáil’ a chur in áit an fhocail Ultaigh. Is é an cinneadh atá le déanamh anseo ná cé acu ‘mothachtáil’ a choinneáil nó an t-ainm briathartha caighdeánach (‘mothú’) a scríobh. An té a lorgódh ‘mothachtáil’ in FGB, d’fheicfeadh sé gur leagan malartach de ‘mothú’ atá ann.

3. Níl cúis ar bith ann nach scríobhfaí ‘tithe’ nó níl difear fuaime ar bith idir an focal sin agus ‘tighthe’. Ba dheacair a mhaíomh go bhfuil ‘tighthe’ ina léiriú níos dílse ar fhuaimniú an fhocail.

4. Tá sé chomh maith ‘feirmeoirí’ a scríobh agus an síneadh fada ar an ‘o’ a fhágáil ar lár. Fuaim fhada atá le ‘eo’ ar aon nós.

5. Ba cheart an chamóg a bheith díreach buailte leis an bhfocal roimhe. Tá an leasú céanna le déanamh in áiteanna eile sa téacs. Bhain an nós sin – bearna a fhágáil idir deireadh focail agus na gnáthchomharthaí poncaíochta – le ré eile foilsitheoireachta. Ní bhíodh caighdeán an chló rómhaith an t-am sin, ach ní deacair do léitheoirí téacs dlúth a léamh anois.

6. Is ionann fuaim do ‘líofa’ agus do ‘líomhtha’. Nuair is ionann fuaim dóibh, is fearr gnáthlitriú an lae inniu a úsáid.

7.Tugann FGB rogha idir ‘pribhléideach’ agus ‘príobháideach’ ag freagairt don leagan malartach seo. Is rídhócha gur ‘pribhléideach’ atá i gceist, ó tharla muid ag caint ar dhaoine saibhre. Cén chiall a bheadh le ‘mná príobháideacha’ (private women)? Ó tharla an leagan malartach a bheith chomh doiléir agus atá, mholfainnse ‘pribhléideach’ a scríobh.

8. Arís, is ionann fuaim do ‘cóirighthe’ agus do ‘cóirithe’. Ní thugann ‘cóirighthe’ aon léargas breise ar an gcanúint. Níl ann ach iarsma den seanlitriú.

9. Dá leifeá na rialacha faoi úsáid an fhleiscín in GGBC (3.6 –), is dócha go mbeadh fonn ort ‘snáthlása’ a scríobh, ach measaim gur fusa ciall an chomhfhocail a thuiscint má scríobhtar an fleiscín. Ó thaobh na foghraíochta de, tá treoir ann faoi bhéim na míreanna sa chomhfhocal.

10. ‘Abhcach’ de réir FGB. ‘Is beag idir sin agus ‘abhacach’. Go deimhin, is fearr a léiríonn an litriú malartach mar a rinneadh aidiacht de ‘abhac’.

11.Bheadh fonn láidir orm féin ‘fá’ sa chiall ‘timpeall’ a choinneáil ansin. Tá ‘fá’ tugtha mar leagan malartach de ‘faoi’ in FGB, sa dóigh is nár dheacair don léitheoir treoir a fháil.

12. Ní dochar don chanúint ‘ceantair’ a scríobh.

13. Tá cinneadh le déanamh anseo cé acu ‘ar feadh na mbóithríní’ (atá caighdeánach) nó ‘ar feadh na mbóithrín’ a scríobh. Gné de ‘shean-Ghaeilge’ Thír Chonaill an ‘í’ a fhágáil ar lár sa ghinideach iolra: ‘scoil na gcailín’ seachas ‘scoil na gcailíní’. Ní deacair ‘ar feadh na mbóithrín’ a thuiscint.

14. Ní chuirtear fleiscín idir ‘h’ agus ainmfhocal a thosaíonn le guta in am ar bith, is cuma cé acu ceannlitir nó litir bheag a bheadh i dtús an ainmfhocail, mar shampla: ‘muintir na hAlban’, ‘tús na hoíche’. Níl baint dá laghad aige seo le canúint. Níl aon difear fuaime idir ‘na h-ísleáin’ agus ‘na hísleáin.’

15. Sular leagadh amach nualitriú na Gaeilge, bhí daoine an-trína chéile faoin dóigh ar cheart an réamhfhocal ‘in’ a scríobh: i n-ucht nó ‘in ucht’. Inniu, is ina aon fhocal amháin a scríobhtar an réamhfhocal: ‘in ucht.’ Pointe tábhachtach: níl aon difear fuaime atá ‘den’ agus ‘de’n’ nó idir ‘in ucht’ agus ‘i n-ucht’. Is féidir na rudaí sin a chur in oiriúint do litriú na linne seo gan cur as don chanúint in aon chor.

16. Is ionann ‘báin-ligheach’ agus ‘bánlíoch’ (pale coloured, pallid). Is beag difear fuaime atá ann. Gné thábhachtach de nualitriú na Gaeilge nach gcloítear i gcónaí leis an riail ‘caol le caol, leathan le leathan’ i gcás comhfhocal.

17. Deamhan locht ar ‘iontu’.

18. Bheifeá ag súil le ‘a’ ansin de réir litriú an lae inniu: ‘tráth a chuirfeá’. Le fírinne, ní chuirtear an chanúint as a riocht má scríobhtar ‘a’  – ní dhéanfadh an léitheoir cumasach é a fhuaimniú ar aon nós.

19. ‘Féitheogach’ de réir FGB. Ní chuireann an leasú sin as don chanúint beag ná mór.

20. Tá ‘urradhanta’ tugtha in FGB mar leagan malartach de ‘urrúnta’. Ní deacair, mar sin, ciall an fhocail a aimsiú.

21. Is minic an ‘t’ breise sin i ndeireadh focail mar ‘aríst’ nó ‘tamalt’. An té a thuigfeadh ‘samhail’, tuigfidh sé ‘samhailt’.

22. Is ionann fuaim dó sin agus do ‘fuíoll’.

23. Rinneadh an focal seo a infhilleadh amhail is gurb é ‘cineadh’ an t-ainmneach. Tá ‘cineadh’ tugtha mar leagan malartach in FGB.

24. In ainneoin ‘éighininteach(t)’ a bheith tugtha in FGB mar leagan malartach de ‘éigin’, seans nár mhiste leas a bhaint as an ghnáthlitriú a chuirtear ar an leagan Ultach seo : ‘inteacht’.

25. Tá ‘oidhríocht’ tugtha mar leagan malartach i ndeireadh na hiontrála ‘oidhreacht’ in FGB. Ba dheacair do léitheoirí, measaim, teacht ar an eolas sin.

26. Is é atá ann ná an aimsir ghnáthchaite den bhriathar ‘tosaigh’. Bheadh ‘Thoisíodh’ ina léiriú an-mhaith ar fhuaimniú an fhocail sa chanúint.

27. Bheadh an donas déanta dá gcuirfí ‘madra’ in áit ‘madadh’. Ná níor cheart do Chonnachtaigh a leagan malartach féin, ‘mada’ a chur ina áit.

28. Is ionann fuaim dó sin agus do ‘tréadaí’.

29. Tá nós i gcanúintí áirithe séimhiú a chur ar bhriathair tar éis briathra gluaiseachta, i.e. briathra a chuireann tús nó gluaiseacht in iúl: ‘Chuaigh sé a chruinniú déirce’, ‘Tháinig sé a dhéanamh gearáin’. Ní luaitear é sna leabhair ghramadaí ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil sé míchaighdeánach. Féach a4 in FGB: (Denoting purpose). D’éirigh sé a chaint, he rose to speak.

30. Is beag idir sin agus an leagan caighdeánach, ‘confach’. Tuigtear guta cúnta a bheith i lár an fhocail gan é a scríobh.

31. In FGB, tá ‘tchí’ agus (‘chí’) tugtha mar leaganacha malartacha den bhriathar ‘feic’. Ceadaíodh an dá leagan sa Chaighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe (2012) ach níl iomrá ar bith air sin in CO 2016.

32. Ionann fuaim dó sin agus do ‘choimhthíocha’.

33. Seans nach raibh an t-aistritheoir ach ag cloí leis an seanlitriú sa chás sin, agus gur leor ‘luí’ a scríobh.

Athleagan samplach

Bhí an t-am ann a mbíodh crónán na dtuirní le mothachtáil go buan i dtithe na bhfeirmeoirí, agus a mbíodh tuirní de dhair líofa mar áilleagáin fiú amháin ag mná uaisle pribhléideacha a bhíodh cóirithe i síoda agus i snáth-lása. Agus le linn an ama sin bhíodh fir bheaga abhacacha le feiceáil fá na ceantair a bhí i bhfad ar gcúl i measc na mbóithrín, nó fá na hísleáin istigh in ucht na gcnoc. Fir bheaga bhánlíocha a bhí iontu, agus tráth a chuirfeá i gcomórtas iad le fir fhéitheogacha urradhanta na tuaithe, ní thiocfadh leat samhailt a thabhairt dóibh ach fuíoll cinidh inteacht a cuireadh ó oidhreacht. Thoisíodh madadh an tréadaí a thafann go confach nuair a tchíodh sé duine de na fir choimhthíocha seo ag teacht ar amharc ar an airdeacht, tráthnóna geimhridh agus an ghrian ag dul a luí.