SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 11

Comhobair agus comhrialtas

‘Máthair gach parlaiminte’ a thugtar ar Westminster na Breataine. Tuigtear do dhaoine gur sa Bhreatain a tháinig ann do nósanna agus do ghnáis1 áirithe a ndearna tíortha eile na hEorpa a gcuid féin díobh níb’ fhaide2 anonn. Is ar éigin,3 mar sin, a bheadh aon ní le foghlaim ag na Briotanaigh óna gcomharsain,4 muintir na hÉireann? Bhuel, sílim féin go bhfuil, bíodh is gur5 annamh a luaitear córas polaitiúil na tíre seo mar dhea-eiseamláir de sheort6 ar bith!
    Ní dhéarfadh7 aon duine gur cainteoirí maithe iad polaiteoirí na hÉireann, ná gur smaointeoirí doimhine8 iad a mbíonn teóiricí9 nua polaitíochta á gceapadh acu. ‘Is mó is cosúil le státsheirbhísigh10 iad,’ a chloisim go minic, amhail is gur droch-rud11 é seirbhís a thabhairt don stát! Abair pé ní is mian leat fá12 chóras polaitíochta na hÉireann ach tá buntáiste mhór13 amháin ag baint leis: bíonn na páirtithe toilteanach páirt a ghlacadh i gcomhrialtaisí.14 Ní mhaífeadh na polaiteoirí riamh go dtaitníonn sé leo cumhacht pholaitiúil a roinnt, ach féach mar a bhíonn Sóisialaigh15 agus Coimeádaigh ag obair i bpáirt a chéile i dTithe an Oireachtais agus mar a bhíonn Náisiúntóirí16 agus Aontachtaithe ag tarraingt le chéile in Stormont.
    Smaoinigh air sin ar feadh tamaill agus caith súil ansin ar an gcaidreamh corrach cantalach idir David Cameron, cinnire17 na gCoimeádach sa Bhreatain, agus a ‘thánaiste’, Nick Clegg. Nach doiligh a chreidbheáil18 go bhfuil líne díreach19 idir an bheirt sin agus Winston Churchill, a bhí seal ina Liobrálach diongbhálta20 agus seal ina Thóraí cruthanta, de réir mar a d’oireadh sé dó.

Tráchtaireacht

1. Is é ‘gnásanna’ an t-iolra caighdeánach.
2. Bíonn ‘ní’ agus ‘ba’ scartha ó chéile: ‘gluaisteán ní b’fhearr ní fhéadfaí a cheannach’. Ní bheadh sé mícheart ‘níos’ a úsáid, fiú san aimsir chaite. Féach GGBC: 11.27.
3. Féach an iontráil ÉIGEAN NÓ ÉIGIN? sa bhunachar Cruinneas.
4. Féach an iontráil COMHARSA sa bhunachar Cruinneas.
5. Is gnách ‘b’ a chur le ‘gur’ roimh aidiacht nó dobhriathar a thosaíonn le guta: ‘gurb annamh’.
6. Leagan malartach den fhocal ‘sórt’ is ea ‘seort’.
7. ‘Ní déarfadh’ an leagan caighdeánach. Eisceacht ar rialacha an tséimhithe is ea an briathar ‘abair’: ‘ní deir’, ‘ní déarfainn féin é’ agus araile.
8. Is é atá in ‘doimhine’ ná iolra an fhocail ‘doimhin’, atá ina leagan malartach den aidiacht ‘domhain’. B’fhearr ‘doimhne’ más mian cloí leis an CO.
9. ‘Teoiricí’ ab fhearr. Fuaim fhada atá le ‘eo’ ar aon nós, amach ó chorreisceacht. Féach GGBC: 1.13.
10. Ní shéimhítear idir DNTLS i gcomhfhocail de ghnáth: spotsolas, cúldoras, státseirbhísigh.
11. Níl feidhm le fleiscín idir an dá chuid den chomhfhocal. Tá cuntas cuimsitheach ar úsáid an fhleiscín in GGBC 3.6.
12. Leagan malartach de ‘faoi’ is ea ‘fá’, de réir FGB.
13. Focal firinscneach is ea ‘buntáiste’ de réir FGB. Mar sin de: ‘buntáiste mór’.
14. Is é ‘i gcomhrialtais’ an t-iolra caighdeánach.
15. ‘Sóisialaithe’ an t-iolra caighdeánach. Is minic gur críoch ‘aí’ a chuirtear le hainmfhocail a bhaineann le dearcadh polaitiúil nó le hidé-eolaíocht: ‘cumannaí’, ‘comhshaolaí’.
16. Is é ‘Náisiúnaithe’ an t-iolra caighdeánach.
17. Leagan malartach den fhocal ‘ceannaire’. Tá ‘cinnire’ tugtha mar cheannfhocal in FGB ach is amhlaidh atá ciall bheag eile leis: person leading an animal by the head.
18. Leagan malartach den ainm briathartha ‘creidiúint’.
19. Focal baininscneach is ea ‘líne’ de réir FGB. Mar sin de: ‘líne dhíreach’.
20. Is leagan malartach de ‘diongbháilte’ é sin.

Pointí plé

Luaitear ‘na Briotanaigh’ (the British) sa chéad pharagraf. Féach nach bhfuil síneadh fada ar bith ann; b’ionann ‘na Briotánaigh’ agus muintir na Briotáine (Bretons). D’fhéadfaí ‘muintir na Breataine’ a scríobh ach oiread.

Bíonn daoine in amhras faoin bhfocal ‘riamh’ san abairt ‘Ní mhaífeadh na polaiteoirí riamh go dtaitníonn sé leo cumhacht pholaitiúil a roinnt.’ Is fíor go samhlaítear ‘riamh’ leis na haimsirí caite: ‘Ní raibh mé ann riamh’ ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil a leithéid seo d’abairt mícheart: 'Tá an nós seo riamh ag daoine i nDún Chaoin...' nó 'Tá gasúir riamh géarghoilíoch.' (As Timcheall Chinn Sléibhe le Seán Ó Dálaigh).

Maidir leis an Conservative Party, tá an t-eolas seo tugtha ar www.focal.ie: An Páirtí Coimeádach = An Páirtí Caomhach. Thuigfeá as sin, b’fhéidir, go bhfuil stádas níos airde ag ‘Caomhach’. Bíodh sin mar atá, is é ‘an Páirtí Coimeádach’ is coitianta a úsáidtear sna meáin. Úsáidtear é i dteidil agus in ainmneacha oifigiúla chomh maith, mar shampla European Conservatives and Reformists Group/An Grúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa.

Tá ceist le socrú i dtaobh an ainmfhocail liberal chomh maith. Más é an dearcadh polaitiúil atá i gceist, is cinnte gur ‘liobrálaí’ a bheadh ann. Éiríonn an scéal níos casta nuair is ball den Liberal Party atá i gceist. ‘An Páirtí Liobrálach’ a bhí air sin riamh anall. Aidiacht is ea ‘Liobrálach’ ach tá an t-ainmfhocal in úsáid ina lán teideal agus ainmneacha chomh maith, mar shampla Group of the Alliance of Liberals and Democrats for Europe / Grúpa Chomhghuaillíocht na Liobrálach agus na nDaonlathaithe le haghaidh na hEorpa. Cabhraíonn ‘Liobrálach’ linn brí an téacs a thabhairt slán; thiocfadh le duine a bheith ina ‘liobrálaí’ gan a bheith ina ‘Liobrálach’.