SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 1

 

‘Bíonn siúlach scéalach,’ a deir an seanfhocal. Dar le duine gur ait1 an rud é gur fhan fear chomh siúlach le Tom Crean ina thost i ndiaidh na ngníomh2 gaisce a rinne sé i gcríocha reoite an Antartaigh i gcomhluadar laoch na taiscéalaíochta3 – Scott agus Shackleton.

I gCondae4 Chiarraí, sa bhliain 1877, a rugadh Tom Crean. Liostáil sé i gCabhlach Ríoga na Breataine nuair nach raibh sé ach cúig bliana dhéag.5 Is dócha gurbh éigean dó bliain nó dhó a chur lena aois cheart chun go mbeadh cead isteach sa Chabhlach aige. Ach bhí dúil san eachtraíocht aige, agus nuair a fuair sé cuireadh ó Robert Falcon Scott a bheith leis ar aistear taiscéalaíochta san Antartach, ba bheag an baol nach ndéanfadh sé an deis a thapadh.6

Rinne Crean cion fir le linn an turuis7 sin, ag tarraingt charranna sleamhnáin8 agus ag iarraidh theacht9 ar thuiscint níos fearr ar luí na tíre. Chuaidh10 an tÉireannach óg i bhfeidhm go mór ar a chuid cinnirí11 Sasanacha. Ba é a scríobh Albert Armitage ina leabhar beathfhaisnéise12 Two Years in the Antarctic: ‘Bhí acmhainn mhaith ghrinn13 aige, agus méin shocair.’ Níorbh iontas ar bith é gur theastaigh ó Scott an Ciarraíoch a thabhairt leis ar aistear nua sa bhliain 1910. Ba é aidhm an aistir seo ná an Mol Theas a bhaint amach. Is iomaí leabhar a scríobhadh faoin eachtra mífhortúnach14 sin. Fuair Scott agus beirt dá chomrádaí15 bás lena linn. Bás a bhí i ndán do Edgar Evans agus William Lashly chomh maith, murach an siúl aonair a rinne Crean ar ais go dtí an campa, ag iarraidh tarrthála. Shiúil sé beagnach trí scór ciliméadar taobh istigh de 18 uair an chloig, in ainneoin an fhuaicht16 agus an ocrais.

Fós féin ní raibh a sháith ag Crean d’anró an Antartaigh. Is amhlaidh a phill17 sé ar na críocha fuara an tríú huair, i gcuideachta Ernest Shackleton. Chlis ar an aistear sin leis, i ndiaidh gur briseadh an bád sa phacoighear. Tá sé ar cheann de chora crua an tsaoil nár bhain an Ciarraíoch an Mol Theas amach ariamh.18

1. gurb ait an rud... San aimsir láithreach, cuirtear an ‘b’ sin le ‘gur’ roimh aidiacht nó roimh dhobhriathar a thosaíonn le guta. Féach GGBC: 14.66.

2. i ndiaidh na ngníomhartha gaisce... Is ginideach iolra malartach é ‘gníomh’. Feicfidh tú go minic sa tseanlitríocht é, m.sh. ‘fuil Ghearaltach na ngníomh n-ard’.

3. i gcomhluadar laochra na taiscéalaíochta... Is ginideach iolra malartach é ‘laoch’.

4. I gContae Chiarraí... Leagan malartach is ea ‘Condae’.

5. cúig bliana déag... Mínítear na rialacha maidir le séimhiú ar ‘déag’ san iontráil déag in FGB agus in GGBC: 4.35.

6. an deis a thapú. Níl aon difear fuaime idir ‘ú’ agus ‘adh’ i gcanúintí Chúige Uladh. Ní hiontas ar bith é, mar sin, nach ndéantar dealú mar is ceart idir ‘ú’ (an chéad réimniú) agus ‘adh’ (an dara réimniú).

7. le linn an turais... Iarsma den seanlitriú is ea an ‘u’ sin in ‘an turuis’.

8. ag tarraingt carranna sleamhnáin... Is minic a shéimhítear ainmfhocal i ndiaidh ‘ag’ + ainm briathartha, go háirithe i nDún na nGall. Is seantabharthach atá ann nár tugadh cead isteach sa CO dó ach amháin i dtrí cinn d’eisceachtaí: ‘ag fáil bháis’, ‘ag gabháil cheoil’ agus ‘ag gabháil fhoinn.’

9. ag iarraidh teacht... Níl aon cuspóir ag an mbriathar ‘tar’ faoi mar atá i samplaí mar ‘Ba mhaith liom Úna a theacht linn’.

10. Chuaigh...

11. ceannairí... Tugtar iontráil ar leith don fhocal ‘cinnire’ in FGB: Person leading an animal by the head; guide, attendant. Is léir go bhfuil gaol aige sin leis an bhfocal ‘ceannaire’ ach ba chóir cloí le dealú sin FGB.

12. beathaisnéise...

13. acmhainn mhaith grinn... B'ait leat, b'fhéidir, gan séimhiú a bheith ar an ainmfhocal ‘greann’ ar aon dul leis an séimhiú ar an aidiacht ‘maith’. Gheobhaidh tú míniú in GGBC: 4.16.

14. eachtra mhífhortúnach... Is baininscneach ‘eachtra’ de réir FGB.

15. beirt dá chomrádaithe... Is mar a chéile a fhuaimnítear ‘(a)ithe’ agus ‘(a)í’ i gcanúintí áirithe. Ní chloisfeá difear fuaime idir ‘ceannaí’ agus ‘ceannaithe’. Is dócha gurb é sin údar an bhotúin litrithe seo.

16. in ainneoin an fhuachta...

17. a d’fhill sé...

18. riamh...

 

Pointí plé
 

Déanann roinnt daoine an chéad abairt ('a deir an seanfhocal') a leasú. Mheasfadh duine, b’fhéidir, gur pearsanú é sin, agus nár cheart ráiteas a chur i leith rud neamhbheo nach bhfuil bua na hurlabhra aige. Ach is nós seanbhunaithe sa Ghaeilge ‘abair’ a úsáid mar sin, mar shampla: ‘mar a deir an Béarla’, ‘is é a deir an Bíobla linn’.

Bhí Crean agus a chomhghleacaithe ag iarraidh an South Pole a bhaint amach. ‘An Mol Theas’ atá sa téacs thuas. ‘An Pol Theas’ atá ar www.focal.ie. An bhfuil ceann acu mícheart? Ní mheasaim é, mar tá dhá choincheap faoi leith ann. Níl an treoir ar www.focal.ie róshoiléir, ach is ionann ‘An Mol Theas’ agus an Geographic South Pole, a dtugtar Terrestrial South Pole air chomh maith. Sin an áit a dtagann na línte domhanfhaid le chéile. Rud eile ar fad é The South Magnetic Pole (An Pol Theas). Gheobhaidh tú cuntas air sin ag an seoladh seo: www.britannica.com/EBchecked/topic/556297/South-Magnetic-Pole. 

Cad é ab fhearr a dhéanamh le ‘18 uair an chloig’? Ní hionann nós ó dhream go chéile. Molann an Gúm (Treoracha d’Aistritheoirí) claochlú tosaigh a chur i bhfeidhm i ndiaidh na ndigití 1–19. Ach tá foirm ar leith den fhocal ‘uair’ ann a úsáidtear le huimhreacha. An ‘18 n-uair an chloig’ nó 18 n-uaire an chloig’ a bheadh ann? Is slachtmhaire go mór gan claochlú tosaigh ná an fhoirm iolra a úsáid, ar nós an tsampla seo ar www.achtanna.ie: 'Má dhéantar an tseirbhís craolacháin fuaime a sholáthar ar feadh breis agus 12 uair an chloig in aon lá amháin...'

Ní dócha go ndéanfaí an sliocht as an leabhar Béarla a aistriú go Gaeilge dá mbeifí ag iarraidh an téacs thuas a fhoilsiú ar iris nó ar líne.