SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 13

Múineann gá seift

Is in uair na práinne is fearr a léirítear spiorad agus cruthaíocht1 an phobail. A fhianaise sin mar a d’iompair muintir na hÉireann iad féin i lár mhí Aibreáin na bliana 2010, nuair nach raibh cead eitilte ag aerárthach ar bith ba mhó ná faoileoir ná ingearán.2 ‘Seachtain thubaisteach a bhí ann do thionscal eitleoireachta3 na hÉireann,’ a deir Liam Mac an tSaoir, iarbhainisteoir le Ryanair. ‘Ní chuirfeadh sé rud ar bith i gcuimhne duit ach scéal ficsean eolaíochta: néal ollmhór de luaithreamhán bolcánach os cionn na hEorpa; cabhlach4 iomlán Ryanair ar an talamh, gach teirminéal5 in Aerfort Bhaile Átha Cliath folamh. Ba dheacair a mhíniú do dhaoine i dtosach cé chomh contúirteach is a bhí an luaithreamhán. “Níl ann ach páirteagail6 deannaigh,” a dúirt a lán daoine, ach níor thuig siad an scrios a dhéanfadh a leithéid ar eitleán.’


Bhí Caitríona Ní Mhainnín ar dhuine de na mílte Éireannach a fágadh san fhaopach. ‘Agallamh poist a bhí agam sa Bhruiséil – post a theastaigh go géar uaim.’ Ach oiread leis na mílte eile, b’éigean di a bealach féin a dhéanamh. ‘Níor bhac mé le dul go dtí an t-aerfort mar ba mhaith a bhí a fhios agam nach gceadófaí an eitilt. Chuaigh mé ar an gcarrchaladh7 ó Latharna go hAlbain agus le bus as sin go Londain. Chuaigh mé ar bord an Eurostar ansin chun na Bruiséile.’ Bhí críoch shona air mar scéal: ‘Ceapadh sa phost mé,’ a deir Caitríona.

Is de shliocht Éireannach iad Seán Murtagh agus Bill Coleman, a bhí san Astráil le haghaidh searmanas páirtíocht shibhialta8 in oifig chláraithe9 in Sydney. Bhí siad le filleadh ar Londain an lá dár gcionn, áit a raibh halla curtha in áirithe ag a gcairde chun an ócáid a cheiliúradh. ‘Thit mo chroí nuair a dúradh linn nach mbeadh eitilt ar bith ann,’ a deir Seán. ‘Ba bheag orm an chóisir a chur ar ceal ach cén mhaith dul ar aghaidh gan muidne a bheith ann?’ Ba é bainisteoir an óstáin a mhol dóibh úsáid a bhaint as an trealamh físchruinnithe10 a bhí acu. ‘Bhí oíche mhór againn ag comhrá agus ag ól sláinte a chéile – muidne san Astráil agus iadsan i Londain.’

 

Tráchtaireacht

1. Níl aon difear fuaime idir ‘cruthaíocht’ (cuma, cruth) agus ‘cruthaitheacht’ (samhlaíocht, seiftiúlacht) ach tá difear mór céille ann.

2. Úsáidtear an focal ‘ingearán’ i nDún na nGall ach níl sé le fáil sna foclóirí ná sna liostaí téarmaíochta. Seans gurbh fhearr a thuigfeadh an gnáthléitheoir ‘héileacaptar’.

3. Cé go bhfuil roinnt samplaí sna foclóirí a thabharfadh le fios gurb ionann ‘eitleoireacht’ agus ‘eitlíocht’, tá difear caolchúiseach ann nach miste a thabhairt slán. Tá airmanship luaite leis an bhfocal in FGB, is é sin le rá Art, skill, or ability in the practice of aircraft piloting. Is gnách ‘eitlíocht’ a úsáid chun trácht ar aviation, mar shampla Irish Aviation Authority / Údarás Eitlíochta na hÉireann.

4. Tá ‘cabhlach’ coibhéiseach leis an bhfocal Béarla fleet sa chiall loingseoireachta, ach ní gnách é a úsáid chun trácht ar air fleetvehicle fleet. Féach, mar shampla, European Air Transport Fleet / An Flít Aeriompair Eorpach. ‘Aerloingeas’ a thugtar ar www.focal.ie.

5. ‘Críochfort’ atá ar terminal i gcomhthéacs an taistil.

6. Tugtar ‘páirteagal’ in FGB ceart go leor, ach tá an nod Gram leis, a thugann le fios gur téarma gramadaí atá ann ó cheart. ‘Cáithnín’ is mó a úsáidtear i gcomhthéacs na heolaíochta.

7. Tugtar car ferry mar mhíniú ar ‘carrchaladh’ sna foclóirí ach is car ferry port atá i gceist murab ionann agus árthach a iompraíonn feithiclí.

8. ‘Páirtnéireacht shibhialta’ atá ar www.focal.ie.

9. Is dócha gur registry office a bhí i gceist ach tá an téarma débhríoch (registered office?) ‘Clárlann’ a thugtar ar a leithéid d’oifig de ghnáth.

10. Ní ‘físchruinniú’ a thugtar ar video conference sa Ghaeilge, ach ‘físchomhdháil’. B’fhearr, mar sin, ‘trealamh físchomhdhála’ a scríobh.