SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Léirmheas le Seán Ó Raghallaigh ar 'An Ghaeilge ar Chomharthaí Stáit' le Maura Lynskey

An Ghaeilge ar Chomharthaí Stáit,
Maura Lynskey,
Coisceim, Baile Átha Cliath, 2014.  
Clúdach bog. €7.50

Tá an leabhar seo, a bhfuil 178 leathanach san iomlán ann, bunaithe ar thráchtas máistreachta. Tá sé chaibidil agus ocht n-aguisín ann agus tá leabharliosta cuimsitheach ag deireadh an leabhair. Is loighciúil, soleite, simplí an cur síos é, cé go bhfuil roinnt laigí ann.  
 
Is é cuspóir an  údair iniúchadh a dhéanamh ar pholasaí an Stáit ‘i leith ár dteangacha oifigiúla, Gaeilge agus Béarla.’ agus ar a chur i bhfeidhm . (1)  Tá súil aici:
go spreagfaidh ábhar an leabhair seo tuilleadh beochta sa diospóireacht (sic) agus tuilleadh taighde sa réimse seo agus, ag eascairt as sin, go gcruthófar tuiscint níos fearr idir an saoránach agus an Stát maidir leis an nGaeilge ar chomharthaíocht Stáit. (15)  
Cíorann sí stair na comharthaíochta sa tír ó bhunú an stáit. I roinnt grianghraf, léiríonn sí mar a mhílitrítear an Ghaeilge agus míthuiscint agus neamhaird ar cheartfhoirmeacha na teanga. Chinn sí ar ghrianghraif mar mhodh bailithe sonraí ‘ar an ábhar go n-ardaíonn an gléas amhairc seo suim an duine san ábhar faoi chaibidil’. (55) Ag trácht di ar na húdaráis áitiúla, an Roinn Iompair agus an tÚdarás um Bhóithre Náisiúnta, maíonn sí nach bhfuil ‘aon dream ar leith díobh freagrach as na dualgais reachtúla chuí’ chun cúram na Gaeilge ar comharthaíocht a chur i bhfeidhm. (42)  

Chuir sí ceistneoir chuig an Innealtóir Sinsearach sa Rannóg Iompair, Bonneagair, Áineasa agus Conláistí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe.1 Shocraigh sí ar chás-staidéar a dhéanamh ar an gComhairle sin. Tugann sí cuntas mion ar na hachtanna agus ar na hionstraimí reachtúla ábhartha ar fad ó 1922 ar aghaidh. Ba léir ón bhfianaise reachtaíochta, deir sí, gurbh iomaí athrú a rinneadh ar an reachtaíocht maidir le comharthaí Gaeilge ó bhunú an tSaorstáit. (59)  In ainneoin na leasuithe fónta a rinneadh thar cheithre scór bliain, ámh,
ní dhearnadh a oiread agus a mbeifí ag súil leis ó thaobh na reachtaíochta de chun a ceart a thabhairt don Ghaeilge mar theanga náisiúnta.2 (70)
Tagraíonn an taighdeoir don éiginnteacht a bhíodh ann maidir le logainmneacha go dtí gur ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla in 2003. Mar shampla, nuair a d'fhiafraigh sí den Innealtóir Sinsearach cén fáth nár cuireadh an leagan Gaeilge ar chomharthaí turasóireachta, dúirt sé nach raibh sé cinnte cén treoir a bhí i Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta fúthu.3 ‘Bhí seisean den tuairim  go raibh treoracha ann maidir le leagan dátheangach ar chomharthaí turasóireachta.’ (Is liomsa an cló iodálach.) I gcás áitreabh tráchtála, ceadaítear roinnt áirithe comharthaíochta i mBéarla amháin, a dúirt sé.4 (135-136)

Déanann sí anailís ar na sonraí a bhailigh sí i gCaibidil 5. Go fóill féin, tá éiginnteacht ‘maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an Ghaeilge ar chomharthaíocht’. (92) Go neamhbhalbh, níl Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag comhlíonadh a ndualgas faoin Acht. Ba cheart fosta go mbeadh na comharthaí turasóireachta dátheangach: ‘Ganntanas eolais atá i gceist anseo’.

Ag trácht di ar na liostaí sráidainmneacha atá ag institiúidí éagsúla i nGaillimh, deir Lynskey:
tá toradh na míthuisceana . . . le feiceáil ar an iliomad comhartha lochtach i gCathair na Gaillimhe agus go deimhin ar fud an Stáit.  Is léiriú soiléir é seo ar pholasaí an Stáit maidir le Gaeilge ar chomharthaíocht Stáit sa lá atá inniu ann. (100) (Is liomsa an cló iodálach.) 
Caibidil ghearr atá i gCaibidil 6. Ar dtús, déanann an taighdeoir achoimre ar na caibidlí roimhe. Is é an tátal a bhaineann sí as a cuid staidéir:

1. Ní aontaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Ard-Oifig an Phoist i nGaillimh, ná Gaillimh le Gaeilge lena chéile i dtaobh a údarásaí is atá na ‘trí liosta sráidainmneacha dátheangacha’ a bhíonn in úsáid.
2. Ní raibh a fhios ag an Innealtóir Sinsearach an liosta ab údarásaí a bheith ann, is é sin liosta a Bhrainse Logainmneacha. 
3. Tá sí den tuairim gur beag an tsuim atá ag údaráis áitiúla sna ceartfhoirmeacha Gaeilge de logainmneacha. Níor ghlac ach 14 údarás áitiúil as 34 páirt i dTogra Sráidainmneacha 2006-2008.
4. Ghlac Comhairle Cathrach na Gaillimhe páirt sa togra. Thóg sé ceithre mhí ar an Innealtóir Sinsearach teacht ar an liosta sráidainmneacha sna seanchomhaid.
5. Ba mhinic moltaí Choiste Logainmneacha Ghaillimh le Gaeilge ag teacht salach ar na leaganacha atá ar fáil i Liosta Sráidainmneacha an Bhrainse Logainmneacha.
6.  Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ‘ag déanamh a gcoda’ (104) agus tá an tInnealltóir Sinsearach le moladh as a chuid eolais ar an Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta.
7. ‘[I]s mór an mhíthuiscint atá ann maidir le soláthar na gceartfhoirmeacha Gaeilge ar chomharthaíocht sa chathair. Mar gheall air sin is iomaí leagan mícheart Gaeilge atá le feiceáil ar chomharthi éagsúla ar fud na cathrach.’ (103-105)

Is iad seo moltaí an taighdeora:

1. Tá géarghá le córas amháin comharthaíochta a bhunú a bheadh ‘comhsheasmhach iontaofa’. (105)
2. Ba cheart go mbeadh bunchéim sa Ghaeilge nó iarchéim san aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge ag Oifigeach Forbartha Gaeilge. (107)
3. Is gá do gach údarás áitiúil ‘plean cuimsitheach’ a chur le chéile a dhéileálfadh le neamhréireacht ar chomharthaí. (108)
4. Ba chóir leagan athbhreithnithe de Lamhleabhar do Chomharthaí Tráchta a chur ar fáil. (108)
5. Ní mór suim daoine óga a spreagadh i logainmneacha na tíre. (109)

Is dóigh liom go gcuideoidh an leabhar seo leis an nGaeilge a dhéanamh ‘feiceálach’. Is cinnte go bhfuil ábhar machnaimh ann. Ceann de na smaointe a rith liom agus mé á léamh ná go bhfuil sé riachtanach go mbeadh daoine le Gaeilge fostaithe i ngach údarás agus go mbeadh sainfhreagracht as comharthaíocht Ghaeilge ar oifigeach amháin. Is truacánta an méid a dúirt an tOifigeach Forbartha Gaeilge ag trácht ar na socruithe atá ann faoi láthair: ‘Well it’s kinda hard to find the right person.’ (134)

Go luath sa leabhar luann Lynskey an rud atá ag dó na geirbe aici, rud a dtagraíonn sí dó arís is arís eile níos faide anonn:
Is faoi chúram na Roinne Iompair, an Údaráis um Boithre Náisiúnta agus na n-údarás áitiúil a thagann cinniúint na Gaeilge ar chomharthaíocht Stáit sa lá atá inniu ann ach níl aon dream acu seo sásta freagracht iomlán a ghlacadh as an neamhréireacht Ghaeilge atá le feiceáil ar chomharthaíocht Stáit. (5)  
Is léir go mba leas mór don chomharthaíocht é dá mbeadh Oifigeach (Forbartha) Gaeilge lánaimseartha i ngach údaráis áitiúil. Gan dabht, ba chóir go soiléirfí a c(h)uid dualgas. I measc na ndualgas sin, cuirim san áireamh go n-eagródh sé/sí cúrsaí oiliúna d’fhoireann an  údáráis, go háirithe do dhaoine ata i gceannas ar na seirbhísí. Ba chóir fós go n-earcófaí daoine le Gaeilge líofa san earnáil phoiblí iomlán. 

Níl dabht ar bith ach go bhfuil fadhb ann maidir le comharthaíocht.  Dar liom, chuaigh daoine sa seans leis an litriú san am atá caite. Níl an lagmheasarthacht inleithscéil. I bhFaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath, mar shampla, feictear Ach amhain busanna agus rothair ar chomhartha agus an leagan ceart (Ach amháin...) in aice leis!

Tá laigí sa leabhar. Ó tharla mílitriú ar chomharthaí a bheith go mór i gceist, tugann an léitheoir suntas don mhílitriú agus don mhíchruinneas i dtéacs an leabhair féin. ‘Bóithrín an Ghabáiste’ (142) atá aici ar ‘Cabbage Lane’ in ionad an leagain oifigiúil ‘Bóithrín an Chabáiste’ atá ar fáil in logainm.ie. Corruair, bhraith mé go raibh easpa cruinnis sa scríbhneoireacht, agus ba dheacair dom éirim na hargóna a thuiscint. A leithéid seo, sa chur síos ar mhodhanna oibre Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i dtaca le taighde ar logainmneacha:
Bíonn deacrachtaí faoi leith ann nuair is gá an leagan Gaeilge a chur ar fáil. Déantar tagairt do www.logainm.ie ach ní féidir teagmháil a dhéanamh le haon oifigeach sa Comhairle a phléann leis an ábhar toisc nach bhfuil a leithéid de dhuine ann. (90)
Sílim gurb é an rud atá i gceist ansin ná go ndéanann oifigigh na Comhairle iarracht éigin an leagan ceart Gaeilge a aimsiú (www.logainm.ie a cheadú) ach nach bhfuil aon oifigeach faoi leith freagrach as an ngné sin den obair. Ach ba cheart go mbeadh an t-eolas sin níos soiléire ná mar atá sé san abairt thuas.

Staidéar an taighdeora seo, is tráchtas ollscoile i bhfoirm leabhair é. B’fhearr i bhfad, i mo thuairimse, roinnt den taighde a fhágáil ar lár, mar shampla an cur síos ar phrionsabail eiticiúla i gCaibidil 3. Tá an-iomarca athrá sa leabhar. Ní shoiléiríonn an taighdeoir an difríocht idir An Coiste Logainmneacha (coiste áitiúil) agus An Brainse Logainmneacha (coiste náisiúnta).

In ainneoin na lochtanna tá an taighde seo tráthúil.  Tá gar mór déanta ag Maura Lynskey do dhaoine atá tinn tuirseach den droch-chomharthaíocht agus den lagmheasarthacht i gcúrsaí Gaeilge. Tá ciall nach beag sna focail scoir:
[T]á géarghá le coiste comhairleach stiúrtha a chothódh machnamh meáite  ar an nGaeilge ar chomharthaíocht Stáit.  Sa tslí seo beifear in ann na neamhréireachtaí atá tagtha chun cinn thar na blianta a réiteach le comhairle ó gach pairtí leasmhar. Tabharfaidh ábhar an taighde seo líon cogaidh do gach eagraíocht slacht a chur ar chúrsaí i dtaca leis an nGaeilge ar chomharthaíocht Stait.  Ní inniu ná amárach a tharlóidh seo ach tá súil ag an taighdeoir go gcuirfidhh ábhar an leabhair tuilleadh beochta sa díospóireacht seo agus, ag eascairt as sin, go gcruthófar tuiscint níos fearr idir an saoránach agus an Stát maidir leis an nGaeilge ar chomhartrhaíocht Stáit.  Más mall is mithid.(113-114)

Nótaí
1. Is sna hAguisíní E agus F atá an ceistneoir ar fáil, an leagan Gaeilge in E agus an leagan Béarla in F.  Tá an t-agallamh féin ar fáil in Aguisín G.
2. Is deacair ráiteas seo an taighdeora a thuiscint de bhrí gur luaigh sí san abairt roimhe sin gur cuireadh bonn dlí faoi leaganacha Gaeilge de logainmneacha na tíre, go háirithe le teacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
3. Dar ndóigh, ní comharthaí tráchta iad na comharthaí turasóireachta. Feic nóta 4 thíos.
4. 
‘Más rud é áfach, go bhfuil comharthaí turasóireachta curtha in airde ag comhlachtaí poiblí ar nós an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta (Fáilte Ireland) nó ag an gComhairle Contae bheadh dualgas ansin comharthaí den chineál seo a bheith i nGaeilge nó dátheangach faoi na Rialacháin atá eisithe faoi fho-alt 9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Anuas air sin, tá dualgas ann faoin Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta (Traffic Signs Manual) comharthaí tráchta a bheith curtha in airde i nGaeilge agus i mBéarla.’ (Ríomhphost a fuair mé seo ó Oifig an Choimisinéara Teanga, 7 Lúnasa 2014)   Maidir leis na comharthaí a bhfuil grianghraif díobh ar leathanach 77, dúirt  Comhairle Cathrach na Gaillimhe liom nárbh iadsan a chuir suas iad. (Ríomhphost a fuair mé uathu ar an 13 Lúnasa 2014.)
5. 
Mar eolas do léitheoirí an léirmheasa seo, is féidir ‘tuiscint níos fearr idir an saoránach agus an Stát’ a chruthú trí ríomhphost a chur chuig logainm@dcu.ie, má tá fiosrúchán ag duine a bhaineann go díreach le rud atá ar logainm.ieFosta, is iontach an t-eolas a bhíonn ag staraithe áitiúla.
6. I dtaca leis 'an machnamh meaite' sin, mholfainn do léitheoirí na foinsí seo a léamh:
 Mac Aodha, B. 'Sráidainmneacha Bhaile Átha Cliath' in Mac Mathúna, L. Sráidainmneacha na hÉireann. An Gúm, Baile Átha Cliath 1998: 205-257.
Mac Giolla Easpaig, D. 'The Placenames Branch of the Ordnance Survey' in Ó Maolfhabhail, A. (eag.) Logainmneacha na hÉireann sa tríú mílaois: Imeachtaí Seimineáir 28 Feabhra 1992. Ordnance Survey, Baile Átha Cliath, 1992: 76-87.