SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh 11

NEAMHSPLEÁCHAS AGUS AR LEAN É1


Nuair a rinne ionadaithe thar ceann sé chontae is fiche den dá chontae is tríocha Acht an Aontais a chur ar ceal i mí na Nollag 1921, tráth2 a shínigh siad an Conradh Angla-Éireannach, is cinnte go raibh súil ag roinnt daoine le tréimhse nua rathúnais a bheadh inchurtha3 le tréimhse na 1780idí4 agus na 1790idí. Rinne duine de na sínitheoirí,5 Art Ó Gríofa,6 paimfléad7  a fhoilsiú sa bhliain 1904 a chuaigh i bhfeidhm ar a lán daoine, is é sin The Resurrection of Hungary: a Parallel for Ireland,8 paimfléad9  inar chuir sé síos go fíormholtach10 ar an tionchar a bhí ag an neamhspleáchas ar an Ungáir. Mhaígh sé go raibh an Ungáir, a bhí seal níos measa as ná mar a bhí Éire, tar éis tiontú ina stát cumhachtach a bhí ag coinneáil soláthar gráin leis an Eoraip11 agus a bhí chun tosaigh i gcúrsaí smaointeoireachta. D’fhéadfadh Éire déanamh amhlaidh12 ach féinriail a bheith aici. 

Bíodh sin mar atá, ba bheag a rinne stát nua na hÉireann le linn na chéad deich mbliana dá ré chun go dtiocfadh ann arís do na dálaí13 ba chúis leis an mborradh 120 bliain roimhe sin, rud a chuir díomá orthu siúd arbh ionann fís dóibh agus don Ghríofach. 

Nótaí tráchta


1.INDEPENDENCE AND AFTER a bhí sa téacs foinseach. Is le dua a thuigfí aistriúchán díreach mar ‘NEAMHSPLEÁCHAS AGUS INA DHIAIDH’.
2. Abairt an-chasta atá sa chéad abairt seo. Measaim gurbh fhearr an clásal ama seo (‘tráth a shínigh...’) ná aistriúchán díreach ar by signing. Féach an toradh a bheadh ar aistriúchán díreach: Nuair a rinne ionadaithe thar ceann sé chontae is fiche den dá chontae is tríocha Acht an Aontais a chur ar ceal i mí na Nollag 1921 tríd an gConradh Angla-Éireannach a shíniú, is cinnte go raibh súil ag roinnt daoine le tréimhse nua rathúnais a bheadh inchurtha le tréimhse na 1780idí agus na 1790idí.
3. Botún litrithe an-choitianta is ea ‘ionchurtha’ a scríobh. Féach an iontráil INCHURTHA/IONCHURTHA sa bhunachar Cruinneas.
4. Féach an iontráil DÁTAÍ A SCRÍOBH sa bhunachar Cruinneas.
5. Is fearr sin, measaim, ná ‘sínitheoir amháin’.
6. Ní miste an t-ainm a ghaelú ó tharla an leagan Gaeilge a bheith in úsáid go coitianta i leabhair staire. Go deimhin, bhaineadh an Gríofach féin úsáid as a ainm Gaeilge.
7. Sin é an litriú ceart. 
8. B’fhearr gan teideal an tsaothair a aistriú. Is faoin teideal Béarla a bhain sé clú amach. Ní heol domsa aon aistriúchán Gaeilge a bheith le fáil.
9. Cabhraíonn an t-athrá ar an bhfocal ‘paimfléad’ le léitheoirí brí na habairte a thabhairt leo.
10. Tá a lán bealaí ann chun glowing terms a aistriú go Gaeilge, ach ‘loinnireach’ agus ‘téarmaí’ a fhágáil as!
11. Níl a fhios agam an dtuigfí aistriúchán díreach mar ‘Gráinseach na hEorpa.’ Ba dheacair a leithéid a fhí isteach san abairt.
12. Ná scríobhtar ‘amhlaidh a dhéanamh’. Féach an iontráil AMHLAIDH sa bhunachar Cruinneas.
13. Bheadh aistriúchán díreach (‘dálaí a athbhunú’) an-ait. Ní comhaonad nádúrtha Gaeilge é ‘dálaí a bhunú’.