AIDIACHT BHRIATHARTHA VS BRIATHAR

Is minic a úsáidtear aidiacht bhriathartha san áit a mbeifeá ag súil le struchtúr eile i nGaeilge. Más They were married last year atá le haistriú seans go scríobhfaí Bhí siad pósta anuraidh. (Leagan a thugann le fios nach bhfuil siad pósta níos mó.) Pósadh anuraidh iad an t-aistriúchán is fearr. Cuireann sin béim ar an ngníomh seachas ar an staid.