AIDIACHT BHRIATHARTHA AGUS GINIDEACH AN AINM BHRIATHARTHA

Is ionann foirm, go minic, don aidiacht bhriathartha agus do ghinideach an ainm bhriathartha.  Is údar débhríochta é sin i gcásanna áirithe. Tá sampla maith ag Maolmhaodhóg Ó Ruairc ar leathanach 18 den leabhar Aistrigh Leat: "Cé a thuigfeadh go gciallaíonn deimhniú comhlíonta ‘a certificate of conformity’?" 

Is fíor dó é . Is é a thuigfeadh an gnáthdhuine as sin ná a fulfilled certificate nó a leithéid.

Cuir i gcás go bhfuil funding agency i gceist. Má mheasann an scríbhneoir go bhfuil débhríocht thromchúiseach ag baint le gníomhaireacht mhaoinithe (a funded agency?)  is féidir leas a bhaint as na cleasanna seo: 

  1. Réamhfhocal nó focail eile a úsáid chun an tuiseal ginideach a chur ar ceal: gníomhaireacht a chuireann maoiniú ar fáil.
  2. an chríoch –cháin a chur leis an ainm briathartha: gníomhaireacht mhaoiniúcháin.

Measaimse gurbh fhearr a bheith spárálach leis an gcleas áirithe sin agus le cleasanna eile a ceapadh chun dul i ngleic leis an ngné seo den teanga scríofa. An fiú ‘coiste forbraíochta’ a scríobh seachas ‘coiste forbartha’, cuir i gcás? Níl débhríocht thromchúiseach ar bith ann, agus tuigtear nach a developed committee atá i gceist.