AIDIACHT SHEALBHACH VS AN TUISEAL GAIRMEACH

Is fadó a chaill an Béarla an tuiseal gairmeach, ach maireann sé sa Ghaeilge i gcónaí. Údar míthuisceana é seo nó tá claonadh ann aithris ar struchtúir Bhéarla ar nós My friend, rud is cúis le leithéidí ‘Dia duit, mo chara’. An t-am is mó a fheictear seo i scríbhneoireacht na Gaeilge ná ag tús litreacha: ‘A Pheadair, mo chara’. ‘A chara’ an úsáid cheart, ar ndóigh. Más mian an leagan sin a dhéanamh níos pearsanta fós, is féidir ‘A chara liom’ a scríobh.

An eisceacht is suntasaí air seo ná ‘Ár nAthair atá ar neamh’ agus féach gur aistriúchán é sin.