ATHBHEOCHANIs focail é seo a mhílitrítear go han-mhinic. Scríobhtar athbheochán amhail is gur focal firinscneach den chéad díochlaonadh é, ar aon dul le leabhrán, guthán agus araile. Is minic an mílitriú céanna ar shloinnte mar Ó Neachtain agus ar logainmneacha mar 'Dún Dealgan'. |