GACH
Ní hionann ‘gach’ agus each an Bhéarla. Is féidir each a úsáid gan ainmfhocal a chur leis:
-
The children used to walk to school, each carrying a bag full of books.
-
The days went past, each longer than the other.
Botún coitianta sa Ghaeilge aithris ar nós sin an Bhéarla:
-
Ba ghnách leis na páistí siúl chun na scoile agus mála lán de leabhair á iompar ag gach.
-
D’imigh na laethanta thart, gach níos faide ná a chéile.
Caithfidh ainmfhocal ginearálta mar ‘duine’ nó ‘ceann’ a chur le ‘gach’ – sin nó an t-ainmfhocal a athlua:
-
Ba ghnách leis na páistí siúl chun na scoile agus mála lán de leabhair á iompar ag gach duine acu. (Nó ‘ag gach páiste acu’)
-
D’imigh na laethanta thart, gach ceann díobh níos faide ná a chéile. (Nó ‘gach lá díobh’)
Is fíor go n-úsáidtear ‘gach’ gan focal cáilithe nuair is uilíocht atá i gceist: ‘D’ól sé gach ar shaothraigh sé.’
|