FÍORÚIL NÓ SAMHALTAIs gnách ‘fíorúil’ a úsáid le haghaidh virtual i gcomhthéacs na Teicneolaíochta Faisnéise, m.sh. virtual memory / cuimhne fhíorúil. In ainneoin an nod Tchn: a bheith le ‘samhalta’ in FGB, b’fhearr an focal sin a úsáid chun trácht ar thoradh na samhlaíochta i saothair litríochta agus ealaíne. |