TRÍ
Is féidir 'trí' a úsáid chun agency nó means a chur in iúl:
-
Trí obair chrua a ghnóthaigh sé a chuid airgid.
-
Tríomsa a fuair sé an post. (FGB)
Bíodh sin mar atá, tá blas an Bhéarla ar abairtí den chineál seo a leanas:
-
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais trí fhéachaint ar ár suíomh Gréasáin.
-
Cinntigh go bhfuil an t-othar neamhaireachtalách trína ghualainn a chroitheadh.
By / through an Bhéarla is cúis leis an struchtúr sin a bheith chomh coitianta is atá i dtéacsanna Gaeilge inniu. Tá go leor leaganacha traidisiúnta Gaeilge ann chun an gnó a dhéanamh.
-
Tá tuilleadh eolais le fáil ar ár suíomh Gréasáin. / Tá tuilleadh eolais le fáil ach féachaint ar ár suíomh Gréasáin.
-
Croith gualainn an othair chun a chinntiú go bhfuil sé neamhaireachtálach.
|