ÁISITHEOIR NÓ ÉASCAITHEOIR?

Úsáideann eagraíochtaí áirithe, Údarás na Gaeltachta ina measc, an focal 'áisitheoir' le haghaidh facilitator. Bíodh sin mar, is é 'éascaitheoir' an téarma is coitianta agus is mó stádas sa teanga fhoirmiúil. Tá leagan eile fós ag Rannóg an Aistriúcháin (‘furasóir’), ach is ar éigean a úsáidtear taobh amuigh den reachtaíocht é.