AMHÁIN

Is minic a úsáidtear ‘amháin’ nuair ab fhearr struchtúr diúltach a úsáid. Féach an abairt Bhéarla Ticket-holders only will be admitted agus an t-aistriúchán Gaeilge Ligfear isteach sealbhóirí ticéid amháin. Is deacair brí na habairte Gaeilge a dheanamh amach. An é go gcaithfidh daoine ticéad amháin a bheith acu? B’fhearr go mór Ní ligfear isteach ach sealbhóirí ticéid.

Is deacair ciall a bhaint as abairtí mar 5% den phobal a d'admhaigh go raibh an Ghaeilge amháin acu. Is é a thuigfeadh daoine as sin ná 5% of the population admitted to having the same (kind of) Irish. Ba shlachtmhaire go mór: 5% den phobal a d'admhaigh nach raibh acu ach Gaeilge.

Scríobh an tAthair Peadar Ua Laoghaire nóta spéisiúil faoi ghné eile d’úsáid an fhocail seo in Notes on Irish Words and Usages: Do tharla, lá, etc. It happened one day. Note: no preposition before . Aon lá amháin is only used when it is necessary to distinguish the ‘one day’ from more days than one.