DARA
Moltar sa CO gan ainmfhocal sa tuiseal ginideach a infhilleadh tar éis dara: mac an dara bean, mac an dara fear. Ceadaítear foirmeacha mar cuid an dara mic agus bás na dara mná in FGB, áfach, agus is léir an dá nós – ainmneach agus ginideach – a bheith sa Ghaeilge.
Ní shéimhítear i ndiaidh 'dara' fiú má dhéantar an t-ainmfhocal a infhilleadh: tús an dara téarma.
Leaganacha malartacha is ea 'darna' agus 'tarna'. |