ARAON1. Is ina aon fhocal amháin a scríobtar é, cé go bhfuil ar aon i seantéacsanna. 2. Tá claonadh ann, in aistriúcháin ó Bhéarla, an focal araon a úsáid gach áit a bhfuil both sa Bhéarla (agus, go minic, san áit a bhfuil dhá pháirtí luaite, bíodh both ann nó ná bíodh). Feach, mar shampla, an abairt Bhearla agus an t-aistriúchán Gaeilge seo: This is good news for [both] individuals and groups involved in community work. / Is dea-scéal é seo do dhaoine agus do ghrúpaí araon atá páirteach in obair phobail. B’fhearrde an abairt sin araon a fhágáil ar lár: Is dea-scéal é seo do dhaoine agus do ghrúpaí atá páirteach in obair phobail. Caithfidh an t-aistritheoir nó an scríbhneoir Gaeilge cinneadh a dheanamh cé chomh tábhachtach is atá focail mar both nó equally san abairt. |