ANN

'Tá drochaimsir ann,' a déarfadh duine ag trácht ar fhuacht agus ar bháisteach. Ní bheadh aon chiall le 'Tá drochaimsir.' Tá 'ann' riachtanach chun in existence, present a chur in iúl. Mar sin fein, is minic a fhágtar an focal ‘ann’ ar lár in abairtí fada: Má bhíonn folúntas, rachfar i dteagmháil le baill an phainéil.  Is é ba cheart a scríobh: Má bhíonn folúntas ann...