CÉANNADar le húdair áirithe nár cheart ‘céanna’ a úsáid ach amháin nuair a bhítear ag tagairt do rud atá luaite cheana, m.sh. ‘An bhfuil aithne agat ar Eoin?’ ‘Ó, tá seanaithne agam ar an bhfear céanna!’ Dar leo gur béarlachas atá ann ‘céanna’ a úsáid le haghaidh same sa chiall identical, as one. Féach an sampla seo as Lorg an Bhéarla le Seán Mac Maoláin: Michael and Martin are the same age, and they live on the same street: ‘Tá an aois chéanna ag Micheál agus Máirtín, agus cónaíonn siad ar an tsráid chéanna.’ Cháin Mac Maoláin an leagan sin agus mhol an t-athleagan seo: ‘Is ionann aois do Mhicheál agus do Mháirtín, agus tá siad ina gcónaí san aon sráid.’ Bíodh sin mar atá, is léir ó iontrálacha in FGB go bhfuil ‘céanna’ in úsáid go fairsing anois ar an mbealach a shíl Mac Maoláin a bheith lochtach. Ní miste do scríbhneoirí a machnamh a dhéanamh ar an bpointe stíle seo. |