DÁTAÍ A SCRÍOBH

AN LÁ
Is minic a chuirtear ‘ú’ ag deireadh uimhir an lae m.sh. ‘7ú Feabhra 2012’.

(I seantéacsanna, is ‘7adh Feabhra’ a bhiodh ann.)

Is fearr agus is slachtmhaire, áfach, uimhir an lae a scríobh go simplí ‘7 Feabhra 2012’.

Tá breis eolais sa leabhrán Maidir le do Litir (atheagrán, an Gúm, 1998):

‘Ní maise ar an scríbhinn é ú a chur le huimhir an lae. Ach in ionstraimí reachtúla etc., scríobhtar an dáta mar seo: an 2ú lá seo de Bhealtaine, 1999. Agus i scríbhinní dlí de chineálacha ar leith, ní mór an dáta a chur i bhfocail, e.g. An Dóú Lá Déag d’Fheabhra i mBliain Ár dTiarna Míle Naoi gCéad Nócha a Naoi.’


AN BHLIAIN
Tá roinnt gnás in úsáid chun macasamhail the 1950s, the 2010s a scríobh i nGaeilge:

  • Bhí cónaí ar an bhfile Éireannach, Louis de Paor, san Astráil sna1980aidí.
  • Físeán iontach faoi Ghaeil Bhéal Feirste sna 1980í.
  • Chaith sé seal mar Chigire Cánach Ceantair i nDún na nGall i lár na 1980óidí.


In Stíl Tí an Ghúim, moltar 'idí' a chur leis an mbliain: 1930idí, 1980í srl.  Clúdaíonn an leagan sin na deirí éagsúla atá i bhfocail mar 'ochtóidí', 'nóchaidí'.