A NÓ Á?Is minic a mhícheartaítear leaganacha ar nós Cad é atá sé a dhéanamh? nó Ní hé sin an rud atá mé a mhaíomh. An mícheartú is coitianta a dhéantar ná 'á' a chur in áit an 'a': Cad é atá sé á dhéanamh? Is trí mhíthuiscint a dhéantar sin. Breathnaímis dhá shampla den struchtúr seo as FGB:
Sa dá chás sin, tagann an t-ainm briathartha i ndiaidh an chuspóra – ‘scríobh’ i ndiaidh ‘rud’ agus ‘daoradh’ i ndiaidh ‘fear’. Ní bheadh An rud atá sé ag scríobh ná An fear atáthar ag daoradh inghlactha ar chor ar bith. Is é a theastaíonn ná an struchtúr a úsáidtear in abairtí infinideacha ar nós Is féidir liom carr a thiomáint, i.e. cuspóir + a + ainm briathartha. Séimhítear an t-ainm briathartha, má tá sé inséimhithe. Ní miste 'á' a úsáid má dhéantar an abairt a athscríobh ar an gcaoi seo:
|