AR SON

Toisc gur féidir ar son a aistriú le for, glacann daoine leis gur féidir é a úsáid sa chiall for the purposes of. Feach, mar shampla, Foilsíodh an doiciméad seo ar son polasaithe an pháirtí a chur i láthair an phobail. Is é ciall chruinn ar sonon behalf of, for the sake of, agus ní oireann sé don úsáid seo. B'fhearr focail mar chun, le haghaidhfaoi choinne a úsáid san abairt thuas.