CAOMHNÚ / COIMIRCE / COSAINT
Úsáidtear gach focal díobh seo san áit a bhfuil protection sa Bhéarla, m.sh. Thuigfeá as na samplaí sin go n-úsáidtear ‘caomhnú’ nuair is mian acmhainn éigin a thabhairt slán ó mhilleadh nó ó ídiú. Is beag idir protection agus preservation sa chás sin. Tá luach polaitiúil leis an bhfocal ‘coimirce’ (guardianship nó patronage), a thugann le fios go bhfuil an Stát ag déanamh cúraim dá shaoránaigh. Is oiriúnaí go mór é ná ‘cosaint’. D’fhéadfaí na focail a mhalartú ar a chéile i gcomhthéacsanna áirithe, ach is léir nach mbeadh ciall ar bith le An tAcht um Choimirce Sonraí, cuir i gcás. Níor cheart don scríbhneoir talamh slán a dhéanamh d’ainm eagraíochta ná ainm reachta, ach an t-ainm oifigiúil Gaeilge a thaighdiú. |