AN DEIREADH SEACHTAINE NÓ DEIREADH NA SEACHTAINE?Níl difear céille arbh fhiú trácht air idir an dá leagan thuas. Ní miste an t-alt a bheith i dtús nó i lár an aonaid chéille. Seans go bhfuil claonadh áirithe i gcanúint Chúige Uladh an t-alt a chur i lár baill (rannóg an oideachais seachas an rannóg oideachais), ach níl difear suntasach céille idir an dá leagan. Ní hionann sin agus a rá, áfach, gur cuma faoi ionad an ailt i ngach cás. Más dlúthchuid den ainm é an t-alt, is i lár baill is gnách an t-alt a bheith:
|