BATA FEAR SIÚIL

Is gnách, má bhíonn péire ainmfhocal éiginnte i ndiaidh a chéile sa Ghaeilge, gur sa ghinideach a bhíonn an dara ceann, m.sh. ‘fear’ + ‘siúil’ = ‘fear siúil’. Cuir i gcás go mbeadh ‘bata’ le cur isteach roimh ‘fear siúil’, an amhlaidh a chaithfidh ‘fear’ a chur sa ghinideach? Má scríobhtar ‘fir’ an gcaithfidh séimhiú a chur ar ‘siúil’?

Nós a bhfuil glacadh forleathan leis ná  ‘bata fear siúil’ a scríobh, in ainneoin nach bhfuil sé ceadaithe ach i gcomhthéacsanna áirithe sa leabhrán An Caighdeán Oifigiúil, Caighdeán Athbhreithnithe (COA). Tá sé ag teacht le seanleaganacha ar nós ‘teach’ + ‘ceann tuí’ = ‘teach ceann tuí’.

Clúdaíonn an riail seo gach rud a chuireann ainmfhocal sa tuiseal ginideach de ghnáth:

  • ainm briathartha, m.sh. ‘ag léamh’ + ‘leabhar filíochta’ = ‘ag léamh leabhar próis’ (Nós atá ceadaithe sa COA: 3.2.3.)
  • réamhfhocal comhshuite, m.sh. ‘i lár’ + ‘cluiche peile’ = ‘i lár cluiche peile’ (Nós atá ceadaithe sa COA: 3.2.4.)
  • réamhfhocail shimplí mar ‘timpeall’, ‘trasna’, m.sh. ‘timpeall oileán mara’.

Fiú más san uimhir iolra atá an péire ainmfhocal, ní infhilltear an dara ceann, m.sh. ‘ag léamh’ + ‘leabhair phróis’ = ‘ag léamh leabhair phróis.’  

Tabhair faoi deara go mbaineann an riail seo le péirí ainmfhocal éiginnte. Tá riail eile ann maidir le sraitheanna focal ar nós ‘fear an tí’, ‘Dáil Éireann’ srl. Féach SÉIMHIÚ LOCHTACH: BATA FEAR SIÚIL.