A LÁN / GO LEOR

Ní miste ‘go leor’ a úsáid sa chiall ‘cuid mhór’ más i ndiaidh an ainmfhocail a chuirtear é: Tá airgead go leor aige sin. Tuigtear as sin go bhfuil an t-airgead go fairsing aige. Ach féadann ciall eile a bheith le 'go leor' nuair a chuirtear roimh an ainmfhocal é, mar shampla: Tá go leor airgid aige sin. D'fhéadfaí a thuiscint as sin go bhfuil a dhóthain airgid aige le haghaidh gnó éigin nach bhfuil luaite. Is fearr, mar sin, ‘a lán’ nó ‘neart’ nó focal den chineál sin a úsáid roimh an ainmfhocal.