AG DÉANAMH ÉNuair atá ainmfhocal ina chuspóir ag ainm briathartha, is gnách gur sa ghinideach a bhíonn sé: ag moladh cláir, ag labhairt Fraincise. Ach ní féidir forainmeacha mar mé, muid nó é a chur sa ghinideach. Ní ag moladh mé atá sa Ghaeilge. Is amhlaidh a bhaintear úsáid as an réamhfhocal ‘do’ in abairtí den chineál sin:
Bhí sé do mo mholadh Bheadh iontas ar dhuine, b’fhéidir, cár imigh an ‘do’ sa tríú pearsa uatha agus iolra. Cloistear go fóill é sa chaint: Bhí sé dá mholadh. Cuirtear séimhiú air sin i gcanúintí áirithe: Bhí sé dhá mholadh. D’éirigh an ‘d’ chomh lag sin gur ar éigean a chloistear é agus sin mar a tháinig á mholadh ar an bhfód. ‘Á’ a scríobhtar i gcónaí de réir an Chaighdeáin Oifigiúil. Tá struchtúr eile ann a chluintear go han-mhinic i nGaeilge Thír Chonaill: Bhí sé ag moladh s’agamsa. Cé gur struchtúr coitianta é sin, níl aon aitheantas tugtha dó sna graiméir ná sna foclóirí. |