CABINET

Ball troscáin is ea ‘caibinéad’ agus níor cheart é a úsáid chun trácht ar thionól airí rialtais. ‘Comh-aireacht’ an téarma ceart i gcomhthéacs na polaitíochta. Tabhair faoi deara gur ‘comh-aireacht’ (seachas‘comhaireacht’) an litriú ceart. Is treoir foghraíochta don léitheoir é an fleiscín.