DECeann de na botúin is coitianta sa Ghaeilge scríofa is ea an réamhfhocal 'de' a chur idir ainmfhocail seachas an dara hainmfhocal a chur sa tuiseal ginideach:
Is dócha gur tionchar an Bhéarla of (price of fuel etc.) is cúis leis an struchtúr seo a bheith chomh coitianta agus atá. Tá cuntas cuimsitheach in GGBC (9.37–953) ar úsáid an tuisil ghinidigh agus 'de' (an tabharthach rannaíoch). Is leor domsa a mheabhrú gur ciall pháirteach atá ag 'de'. Tá ciall le 'beirt de na hAirí' mar tá níos mó Airí ná beirt ann. An chiall pháirteach sin atá i dtreis i gcás 'cuid den airgead', 'duine de bhunadh Ghaoth Dobhair', 'bailíodh a lán leaganacha den amhrán'. Níl aon chiall le 'deireadh den amhrán' mar ní bhíonn ach deireadh amháin ar amhrán ar bith. Is de ghnás na Gaeilge 'de' a úsáid i bhfrásaí mar seo:
Chuirfeadh sé comaoin ar na habairtí seo thíos gan an réamhfhocal 'de' a bheith iontu:
Má tá 'de' le húsáid áit ar bith sna habairtí sin, is mar seo ba cheart dó a bheith: 'scoláireachtaí de luach €10,000.00', '€3,800 de dhuaischiste'. Nuair a thagann 'de' agus an aidiacht shealbhach 'a' le chéile (his, hers, theirs) is 'dá' a scríobhtar de réir an CO. Leagan malartach is ea 'dena'.
Nuair a thagann 'de' nó 'do' roimh fhocal a thosaíonn le guta (nó fh + guta), bítear idir dhá chomhairle cé acu is cirte: (1) Lán gloine d’fhíon nó (2) Lán gloine de fhíon. Bíonn an dá leagan le feiceáil i dtéacsanna Gaeilge, ach is é an gnáthnós inniu (1) a scríobh. Eisceacht air sin is ea focail dar tosach 'fhr'. Féach, mar shampla, 'Níor thug sí de fhreagra orm ach cúpla focal'. |