ACH

Nuair a úsáidtear 'ach' sa chiall only, ba cheart aire a thabhairt d’ionad an fhorainm agus gan abairtí den chineál seo a scríobh:

  • Ba bhreá léi scairt a chur ar a mamaí ach ní raibh ach a guthán póca aici.

Ba cheart pé forainm a bheadh ann a chur roimh an fhocal 'ach':

  • Ba bhreá léi scairt a chur ar a mamaí ach ní raibh aici ach a guthán póca.

In amanna, b’fhearr malairt friotail a aimsiú chun only a chur in iúl:

  • Smaoinigh sé ar cheist a chur uirthi fá dtaobh de, ach ní bheadh ach argóint acu dá bharr.

Ní leor ionad an fhorainm a mhalartú chun slacht a chur ar an abairt sin. Caithfear cur chuige ar shlí eile ar fad:

  • Smaoinigh sé ar cheist a chur uirthi fá dtaobh de, ach ní bheadh de thoradh air sin ach go mbeadh argóint acu.