ÁMH

Ach oiread lena chomhchiallach, 'áfach', níor cheart 'ámh' a chur i dtús abairte. Focal atá ann a scríobhtar níos minice ná mar a deirtear, agus ba cheart cuimhneamh sin má tá an téacs le léamh os ard.