AN ABAIRT CHIOTACH

Ní mise, ach Seán Mac Maoláin, sa leabhar Lorg an Bhéarla, a thug 'an abairt chiotach' ar abairtí fada ina ndéantar an briathar a athlua i ndeireadh na faisnéise. A leithéid seo:

    Maireann an tréimhse ghoir, is é sin an t-am idir ócáid an ionfhabhtaithe agus na chéad airíonna teacht, maireann sí deich lá ar an mheán.

Ní chuireann an struchtúr as go mór dom féin, ach is furasta an t-athlua a sheachaint. Níl le déanamh ach clásal éigin san abairt a thabhairt chun tosaigh.

    Deich lá, ar an mheán, a mhaireann an tréimhse ghoir, is é sin an t-am idir an ócáid ionfhabhtaithe agus na chéad airíonna teacht chun cinn.