AISLING NÓ BRIONGLÓID?Ní i gcónaí is féidir 'aisling' agus 'brionglóid' a mhalartú ar a chéile: Sochaí níos cothroime a chruthú ina mbeidh deis ag daoine a mbrionglóidí a fhíorú. Is amhlaidh a bhíonn brionglóidí ag daoine trína gcodladh. Is fearr 'aisling' a scríobh chun trácht ar fhís nó ar uaillmhian éigin: Sochaí níos cothroime a chruthú ina mbeidh deis ag daoine a gcuid aislingí a fhíorú.
|