CÉ ACU

Coibhneas díreach a leanann 'cé acu', m.sh. 'Níl a fhios agam cé acu a thiocfaidh sé nó nach dtiocfaidh'. Trí mhíthuiscint a dhéantar coibhneas indíreach de i leaganacha míchruinne mar seo: 'Níl a fhios agam cé acu a dtiocfaidh sé nó nach dtiocfaidh.'