DÉAN
Tá 'déan' ar cheann de na focail is coitianta sa Ghaeilge. Is minic, fiú amháin, a chuirtear é in ionad briathra eile i gcomhlogaíochtaí mar seo thíos.
-
Tá na bearta seo riachtanach chun srianadh a dhéanamh ar chaiteachas. (chun caiteachas a shrianadh/chun srian a chur le caiteachas)
-
Is maith is eol dúinn anois nach maith a tuigeadh an stró a bhainfeadh le tarrtháil a dhéanamh ar theanga a bhí i mbéal báis. (tarrtháil a thabhairt)
-
I gcaitheamh an ama sin, tá toirmeasc déanta ag an Údararás Iomaíochta in aghaidh cumais amháin. (toirmeasc curtha)
|