DIAIDH
Ní hionann ar fad 'i ndiaidh' agus after an Bhéarla. Úsáidtear after sa chiall later on, mar shampla, rud a bhaineann tuisle as scríbhneoirí Gaeilge.
-
Bhí cúpla duine óg sa bhialann a bheadh ag dul amach don oíche ina dhiaidh. (níos faide anonn)
-
Bhí Charles ag tnúth leis an deoch ina dhiaidh a luaigh sí. (an deoch a bheadh acu ar ball)
|