DO (RÉAMHFHOCAL)Tá dhá chiall, ar a laghad, leis an fhocal for i mBéarla. Is féidir sin a léiriú le habairtí mar seo:
An réamhfhocal simplí 'do' a d’úsáidfeá sa chéad abairt: Tá airgead agam duit. Ní bheinn róthógtha le 'do' sa dara sampla, cé gur minic a scríobhtar a leithéid: Tá airgead agam do dheisiúcháin. Is é atá i gceist le for sa chomhthéacs sin ná for the purposes of. Is fearr sin a aistriú le 'i gcomhair', 'le haghaidh' nó 'faoi choinne': Tá airgead agam i gcomhair deisiúchán. Cuirtear 'do' le frásaí mar 'ba cheart', 'ba chóir', 'ní mór', 'is indéanta', 'níor mhiste' etc. chun dualgas nó riachtanas a chur i leith gníomhaí: Ba cheart do Lisa cur isteach ar an phost sin. Níor cheart 'do' a chur leis na frásaí sin más rud é nach bhfuil gníomhaí ann.
Baintear úsáid earráideach as an réamhfhocal 'do' le linn do dhaoine a bheith ag trácht ar thinneas. I mBéarla, deirtear a cure for cancer. Ní 'leigheas d'ailse' a deirtear i nGaeilge ach 'leigheas ar ailse.'
Nuair a thagann 'do' agus an aidiacht shealbhach 'a' le chéile (his, hers, theirs) is 'dá' a scríobhtar de réir an CO. Leagan malartach is ea 'dona'. |