COMHLACHT NÓ CUIDEACHTA?Is é ‘comhlacht’ an focal is coitianta sa ghnáthchaint le haghaidh a commercial company. Bíodh sin mar atá, is gnách an focal ‘cuideachta’ a úsáid i dtéacsanna foirmiúla. Tá ciall bheag eile leis an bhfocal ‘comhlacht’ sa Ghaeilge fhoirmiúil, i.e. a body. Bítear ag caint, mar shampla, ar ‘na comhlachtaí trasteorann’ (cross-border bodies). Ba chóir cloí le pé acu leagan atá i dteidil oifigiúla, m.sh. An Oifig Um Chlárú Cuideachtaí, Comhlacht Oideachais na hÉireann. |