COMHLACHT

Is mílitriú coitianta é ‘comhlucht’, seanlitriú a mhaireann fós i roinnt teideal oifigiúil, m.sh. Comhlucht Groighe Náisiúnta na hÉireann, Teoranta.

Féach freisin COMHLACHT NÓ CUIDEACHTA?

Meastar trI mhíthuiscint gur focal baininscneach é ‘comhlacht’, toisc gur focal ilsiollach é a bhfuil críoch –acht air. Ach is comhfhocal firinscneach ó cheart é: ‘ainm an chomhlachta.’ Féach freisin BUNREACHT.