DAR NÓ DÁR?

Úsáidtear ‘dar’ chun tuairimí, tuiscintí a chur in iúl m.sh. ‘Tá an tír seo an-daor ar fad, dar liomsa.’

Is éard atá san fhocal ‘dár’ ná an réamhfhocal ‘do’ + an aidiacht shealbhach ‘ár’. Úsáidtear é i bhfrásaí mar ‘Is duine dár ndream féin é’.