DOBHRIATHARLocht an-choitianta ar théacsanna Gaeilge is ea abairtí den chineál seo:
Tá tionchar an Bhéarla The teacher will collect the forms personally le brath ar an abairt sin. Déanann an dobhriathar 'go pearsanta' ciotaí den abairt Ghaeilge, ionann agus a rá go ndéanfaidh an múinteoir na foirmeacha a bhailiú ar shlí éigin atá 'pearsanta' – cibé ciall atá leis sin. Is é a déarfaí i nGaeilge: Is é an múinteoir féin a bhaileoidh na foirmeacha. Is deacair ‘riail’ a leagan síos a chuideodh le daoine abairtí den chineál seo a leasú. Corruair, is féidir an dobhriathar a fhágáil ar lár gan dochar do chiall na habairte. Corruair, ní mór friotal eile ar fad a aimsiú chun an chiall cheart a thabhairt slán. Ionad an dobhriathair san abairt Ní mór do scríbhneoirí aire a thabhairt d’ionad an dobhriathair san abairt.
Cén briathar atá á cháiliú ag 'go maith'? Tá sé níos gaire do 'ceap' ná do 'oibrigh'. Dar leat go bhfuil an fostaí nua le ceapadh go maith. B’fhearr a leithéid seo:
An mhír 'go' Is gnách an mhír go a chur le dobhriathar:
Tá cuntas in Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (alt 11.6) ar na príomheisceachtaí.
I gcomhthéacsanna áirithe, áfach, d’athródh go ciall na cainte:
|