Níl gá leis an ‘agus’ i leaganacha mar lá fuar agus fliuch. Lá fuar fliuch a deirtear toisc go bhfuil an dá aidiacht ag trácht ar aon rud amháin, i.e. cé chomh holc is atá an aimsir.