UAIR / UAIR AN CHLOIG
-
Is fearr, de ghnáth, 'uair an chloig' a úsáid nuair is am atá i gceist. Tá difear mór idir 'Bhí mé ag caint leis cúpla uair' agus 'Bhí mé ag caint leis (ar feadh) cúpla uair an chloig'.
-
'Uair a' chloig' atá sa chaint, agus ní chloistear 'n' an ailt. Ba chóir é a scríobh, áfach, má táthar ag iarraidh a bheith lánchaighdeánach: 'uair an chloig'.
|